Ansin dúirt Peadar: “Is é atá déanta againne: ár maoin shaolta a thréigean agus tusa a leanúint!”
Labhair Peadar ansin agus dúirt sé leis: “Sinne, féach, d'fhágamar an uile ní agus leanamar thusa: cad a bheidh againn, más ea?”
Bhí Íosa ag imeacht leis ón áit sin, agus chonaic sé duine darbh ainm Matha ina shuí i dteach an chustaim agus dúirt leis: “Lean mise.” D'éirigh seisean agus lean sé é.
Chrom Peadar ar a rá leis: “Sinne, féach, d'fhágamar an uile ní agus leanamar thusa.”
Agus tharraing siad na báid aníos ar an trá, d'fhág siad gach uile ní agus lean é.
Ansin dúirt sé leis an deisceabal: “Sin í do mháthair.” Agus ón uair sin amach ghlac an deisceabal isteach ina bhaile féin í.
Na buntáistí seo a bhí agam, áfach, tá áirithe anois agam gur caillteanas glan iad mar gheall ar Chríost.