Ar chloisteáil sin d'Íosa, dúirt sé leis: “Tá aon ní amháin de dhíth ort go fóill: díol gach a bhfuil agat agus roinn ar na boicht é agus beidh stór agat sna flaithis; tar ansin agus lean mise.”
Iarraim aon ní amháin ar an Tiarna; bím ag tnúth leis de shíor: go gcónóidh mé in áras an Tiarna gach lá de mo shaol; go bhfaighidh mé taitneamh in aoibhneas an Tiarna ‘s go bhfeicfidh mé a theampall.
“Más áil leat bheith foirfe,” arsa Íosa leis, “imigh leat, díol amach a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh: tar ansin agus lean mise.”
Díolaigí a bhfuil agaibh agus déanaigí déirc; déanaigí daoibh féin sparáin nach gcaithfear le haois, stór do-ídithe sna flaithis mar nach dtagann an bithiúnach ina ghar agus nach mbíonn an leamhan á lot.
Agus deirim féin libh, déanaigí cairde daoibh féin leis an airgead mímhacánta, ionas, nuair a chlisfidh sé, go nglacfaidh siad isteach sibh sna bothanna síoraí.
Sea, a bhráithre, ní dóigh liom go bhfuil an báire liom go fóill: níl á dhéanamh amháin agam ach an bóthar atá gafa a ligean i ndearmad agus luí amach go dícheallach ar an mbóthar atá romham