Ach dúirt sé lena athair á fhreagairt: ‘Féach féin a bhfuilim de bhlianta ag seirbhís duit agus ní dheachaigh mé riamh thar do réir, agus riamh níor thug tú dom mionnán gabhair chun go ndéanfainn aoibhneas le mo chairde.
Deirim libh, is amhlaidh sin a bheidh níos mó áthais sna flaithis faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí ná faoin naoi bhfíréin nóchad nach mbíonn gá le haithrí acu.
Is eol duit na haitheanta: ‘Ná déan adhaltranas. Ná déan marú. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige. Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair.’ ”
Ar chloisteáil sin d'Íosa, dúirt sé leis: “Tá aon ní amháin de dhíth ort go fóill: díol gach a bhfuil agat agus roinn ar na boicht é agus beidh stór agat sna flaithis; tar ansin agus lean mise.”