“Cé agaibh a mbíonn seirbhíseach aige ag treabhadh nó ag aoireacht, a déarfaidh leis nuair a thagann sé isteach ón ngort: ‘Tar anois agus buail fút ag bord’?
Ach dúirt sé leo: “Cén duine agaibh a mbeadh an t‑aon chaora amháin aige agus go dtitfeadh sí i bpoll lá sabóide, nach mbéarfadh sé greim uirthi á tarraingt as?
D'fhreagair an Tiarna é: “A bhréagchráifeacha,” ar sé, “nach scaoileann gach duine agaibh a dhamh nó a asal ón mainséar lá na sabóide agus nach seolann chun uisce é?
Ach dúirt an Tiarna: “Dá mbeadh oiread ghráinne an tsíl mhustaird de chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann maoildeirge seo: ‘Baintear as do fhréamhacha tú, agus déan tú féin a phlandáil san fharraige!’ agus dhéanfadh sé rud oraibh.
Ina ionad sin, nach é a déarfaidh sé leis: ‘Réitigh rud chun dinnéir dom, fáisc crios fút féin agus freastail orm, nó go mbeidh ite agus ólta agam, agus ansin déanfaidh tú féin ithe agus ól’?