Agus má pheacaíonn sé i d'aghaidh seacht n‑uaire sa lá agus go n‑iompóidh sé chugat seacht n‑uaire, ag rá: ‘Tá aithreachas orm’, maith dó.”
Má éisteann sé leat, tá tú tar éis do bhráthair a thabhairt leat;
Sin é freisin mar a dhéanfaidh m'Athair neamhaí libhse ach mura maitheann gach duine agaibh dá bhráthair féin ó chroí.”
Ach is é a deirimse libh, bíodh grá agaibh do bhur naimhde agus guígí ar son bhur ngéarleantóirí;
agus maith dúinn ár bhfiacha, mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin;
Dúirt na haspail leis an Tiarna: “Méadaigh an creideamh againn.”
Ach “má bhíonn ocras ar do namhaid tabhairse rud le hithe dó, agus má bhíonn tart air tabhair dó rud le hól. Má dhéanann tú amhlaidh beidh tú ag carnadh aibhleoga tine ar a cheann”.