An lá sin, an té a bheidh ar bharr an tí agus a urra tí sa teach, ná téadh sé síos chun é a bhreith leis, agus mar an gcéanna an té a bheidh sa ghort, ná casadh sé ar ais.
Agus an n‑iarrann tusa nithe móra duit féin? Ná hiarr, óir tabharfaidh mé anró anois ar an uile fheoil - is é an Tiarna a labhraíonn. Ach tabharfaidh mé d'anam duitse, cibé áit a rachaidh tú.’ ”
Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d'fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?
“Sin é an fáth a ndeirim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia nó dí, na faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh. Nach mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t‑éadach?
Ansin, iad seo a bheidh in Iúdáia, teithidís faoi na sléibhte; iad seo a bheidh sa chathair, imídís aisti; iad seo a bheidh ar an tuath, ná téidís isteach inti;