Agus ina shuí dó ar Chnoc na nOlóg, tháinig na deisceabail chuige ar leithligh agus dúirt siad: “Inis dúinn cén uair a thitfidh an méid sin amach agus cén comhartha a bheidh ann ar do théarnamhsa agus ar dheireadh an tsaoil.”
Dúirt Íosa leis: “Tá sé ráite agat. Ach deirim libh, beidh Mac an Duine le feiceáil agaibh amach anseo, ina shuí ar dheis na cumhachta, agus é ag teacht ar scamaill na bhflaitheas.”
agus faoiseamh ón leatrom a thabhairt daoibhse agus dúinne araon, rud a dhéanfaidh sé nuair a nochtfaidh an Tiarna Íosa ó neamh chugainn agus a aingil chumhachtacha lena chois.
Dá bhrí sin cuirigí bhur n‑aigne i gcóir chun oibre, bígí stuama, agus bíodh bhur muinín go hiomlán as an ngrásta a dháilfear oraibh nuair a fhoilseofar Íosa Críost.
d'fhonn go bhfaighfí fíormhianach bhur gcreidimh, atá níos luachmhaire ná ór - rud atá somhillte cé go dtástáiltear sa tine é - ag dul chun molta agus onóra agus glóire tráth a fhoilseofar Íosa Críost.
Ach bíodh áthas oraibh sa mhéid go bhfuil sibh páirteach i bpáis Chríost, ionas go mbeadh áthas agus lúcháir oraibh freisin nuair a fhoilseofar a ghlóir.
Agus anois, a chlann liom, mairigí ann ionas nuair a fhoilseofar é go mba lánmhuiníneach sinn as, in ionad a bheith náirithe agus sinn deighilte uaidh ar theacht dó.
A chairde cléibh, is clann Dé cheana féin sinn, agus níor foilsíodh fós cé mar a bheimid; ach nuair a fhoilseofar é, is feasach sinn go mbeimid ina chosúlachtsan, mar go bhfeicfimid é mar atá sé.
Féach, tá sé ag teacht ar néalta neimhe, agus feicfidh gach duine lena súile cinn é, fiú iad siúd a tholl é, agus beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní dá bharr. Abair é! Amen.