Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 17:21

An Bíobla Naofa 1981

ná ní amhlaidh a déarfar: ‘Féach, tá sí anseo’; nó: ‘Tá sí ansiúd’; óir bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríocht Dé in bhur lár.”

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Ach más trí Spiorad Dé a chaithim amach na deamhain, dá réir sin tá ríocht Dé tagtha chugaibh cheana.

“Má deir aon duine libh ansin: ‘Féach, tá an Críost anseo,’ ‘Féach, ansiúd é,’ ná creidigí é.

Beifear á rá libh: ‘Féach, tá sé ansiúd’; nó: ‘Féach, tá sé anseo!’ Ná téigí ann: ná bígí ar a thóir.

Dúirt sé: “Bígí aireach agus ná cuirtear amú sibh; óir tiocfaidh mórán i m'ainmse ag rá: ‘Is mise é’; agus: ‘Tá an t‑am in achmaireacht.’ Ná téigí ina ndiaidh.

Thug Eoin freagra orthu: “Déanaim féin baisteadh le huisce,” ar seisean, “ach tá duine in bhur measc nach aithnid daoibh,

D'fhreagair Íosa: “Ní den saol seo mo ríocht. Dá mba den saol seo mo ríocht, throidfeadh mo sheirbhísigh ionas nach dtabharfaí ar láimh do na Giúdaigh mé. Ach anois ní as seo mo ríocht.”

mar ní cúrsaí ite agus óil é ríocht Dé ach fíréantacht agus síocháin agus lúcháir sa Spiorad Naomh.

Ba dheoin le Dia a nochtadh dóibhsean cad é mar shaibhreas glórmhar a thugann an rúndiamhair seo do na gintlithe, is é sin, go bhfuil Críost in bhur measc ag deimhniú na glóire daoibh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí