Nuair a bhí an tráthnóna ann, dúirt úinéir an fhíonghoirt leis an mbainisteoir: ‘Glaoigh ar na fir oibre agus tabhair dóibh a dtuarastal, siar ón dream déanach go dtí an dream is túisce a tháinig.’
Ansin dúirt sé le duine eile: ‘Cé mhéad atá amuigh ortsa?’ Dúirt seisean: ‘Tá céad ceathrú arbhair.’ Dúirt sé leis: ‘Tóg do bhille agus scríobh ochtó.’
Agus deirim féin libh, déanaigí cairde daoibh féin leis an airgead mímhacánta, ionas, nuair a chlisfidh sé, go nglacfaidh siad isteach sibh sna bothanna síoraí.