Ghlaoigh sé chuige gach aon duine dá raibh i bhfiacha ag a mháistir, agus dúirt leis an gcéad duine: ‘Cé mhéad atá ag mo mháistir ort?’
Agus i dtosach an réitigh dó, tugadh chuige duine a raibh deich míle tallann amuigh air.
Ag dul amach don seirbhíseach sin, casadh air duine dá chomhsheirbhísigh a raibh céad déanar aige féin air, agus rug sé greim scóige air ag rá: ‘Íoc a bhfuil amuigh ort!’
agus maith dúinn ár bhfiacha, mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin;
Tá a fhios agam cad a dhéanfaidh mé, ionas, nuair a bheidh mé briste as an maoirseacht, go nglacfaidh siad isteach ina dtithe mé.’
Dúirt seisean: ‘Tá céad bairille ola.’ Dúirt sé leis: ‘Tóg do bhille, suigh síos, agus scríobh go tapa caoga.’