Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 16:29

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Abrahám: ‘Tá Maois acu agus na fáithe; éistidís leo sin.’

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Cuardaigí i leabhar an Tiarna agus léigí; oiread agus ceann amháin níl in easnamh! Óir is é a bhéalsan a d'ordaigh é, agus a spioradsan a thug le chéile iad, gach aon acu agus a leathéan in éineacht leis.

chun teagasc agus tiomna a fháil.” Nach cinnte gur mar sin a labhróidh siad, mar níl breacadh lae i ndán dóibh.

Is mar seo a deir an Tiarna: “Seasaigí i mbealaí an tseansaoil cuirigí tuairisc na seanchasán cé acu ab ea an tslí mhaith? Siúlaigí inti ansin agus gheobhaidh sibh suaimhneas. Ach dúirt siadsan: ‘Ní shiúlfaimid inti.’

“Bhí an dlí agus na fáithe ann go dtí aimsir Eoin: ó shin i leith tá dea-scéal ríocht Dé á fhógairt, agus gach aon duine ag brú a shlí isteach inti le foréigean.

Agus ag tosú dó ó Mhaois agus ó na fáithe uile, mhínigh sé dóibh na nithe a bhí sna scrioptúir uile mar gheall air féin.

Síneadh chuige leabhar Íseáia fáidh, agus ar oscailt an leabhair dó, fuair sé an t‑ionad ina raibh scríofa:

Mar tá Maois á léamh sna sionagóga gach lá sabóide agus níl cathair nach bhfuil lucht a fhógartha inti leis na cianta.”

Sibhse arb áil libh bheith faoi réir an dlí, ceist agam oraibh: an gcloiseann sibh a bhfuil le rá ag an dlí?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí