Thug an Tiarna a mhaoin go léir ar ais do Iób, mar gur ghuigh sé ar son a chairde: agus thairis sin, thug an Tiarna dhá oiread a raibh aige cheana do Iób.
Go saora do lámh mé, a Thiarna, ó dhaoine a bhfuil mian a gcroí i nithe an tsaoil seo. Líonann tú a mbolg as do líonmhaireacht go mbíonn díol a sáithe ag a gclann, agus go bhfágann siad fuíoll ag a leanaí.
Dá thairbhe sin uile, ba ghráin liom an saol seo mar chuir an saothrú uile a dhéantar faoi luí na gréine déistean orm; óir níl sa mhéid sin go léir ach baois agus tóraíocht gaoithe.
Agus ina éagmais sin uile, tá duibheagán mór suite daingean idir sinne agus sibh, ionas nach féidir leo seo arb áil leo é dul anonn chugaibh agus nach ngabhtar anall trasna chugainne.’