Agus ina éagmais sin uile, tá duibheagán mór suite daingean idir sinne agus sibh, ionas nach féidir leo seo arb áil leo é dul anonn chugaibh agus nach ngabhtar anall trasna chugainne.’
Ní bheidh na comharsana tarcaisneacha arís mar dhris a scríobann, nó mar dhealg a stróiceann muintir Iosrael. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna Dia.
Ansin aithneoidh sibh aon uair amháin eile an difríocht atá idir an dea-dhuine agus an drochdhuine, idir an té a dhéanann seirbhís do Dhia agus an té nach ndéanann.
Ach dúirt Abrahám: ‘Cuimhnigh, a mhic, go bhfuair tusa do chuid féin de na dea-nithe le linn do bheatha, agus mar an gcéanna go bhfuair Lazaras na drochnithe. Ach anois tá seisean á shólású abhus, agus tusa do do chrá.
Agus an diabhal a mheall iad, teilgeadh é sa linn tine agus ruibhe mar ar teilgeadh an beithíoch agus an fáidh bréige chomh maith; beidh siad á gciapadh de lá agus d'oíche ar feadh na síoraíochta.
Fear na héagóra, déanadh sé éagóir fós; agus fear an striapachais, leanadh sé dá striapachas; fear na córa, cleachtadh sé an chóir fós; agus an naomh, leanadh sé dá naofacht.”
D'fhill Aibíogáil ar Nábál, agus bhí fleá ar siúl aigesean ina theach, fleá mar a mbeadh ag rí. Bhí Nábál meidhreach súgach agus toisc é a bheith ar a chaoil ní dúirt sí focal leis go raibh sé ina lá.