Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 16:10

An Bíobla Naofa 1981

An té a bhíonn iontaofa faoin mbeagán, bíonn sé iontaofa faoin mórán freisin; agus an té a bhíonn mímhacánta faoin mbeagán, bíonn sé mímhacánta faoin mórán freisin.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Cé hé, más ea, an seirbhíseach iontaofa ciallmhar ar cheap a mháistir os cionn sclábhaí a theaghlaigh é chun a gcuid bia a thabhairt dóibh i dtráth?

Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith; dea-sheirbhíseach iontaofa thú: bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán; gabh isteach in aoibhneas do thiarna.’

Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith: dea-sheirbhíseach iontaofa thú; bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán: gabh isteach in aoibhneas do thiarna.’

Dúirt sé leis: ‘Is maith sin, a dhea-sheirbhísigh; de bhrí go raibh tú iontaofa faoin mbeagán, bíodh forlámhas agat ar dheich gcathair.”

Ach dúirt sé é sin, ní mar go raibh aon aird aige ar na boicht ach gur ghadaí é agus go mbíodh an sparán aige agus go mbíodh sé ag tarraingt as a gcuirtí ann.

Le linn an tsuipéir agus tar éis don diabhal a chur ina chroí ag Iúdás, mac Shíomóin Isceiriót, go mbraithfeadh sé é -

Ansin díreach i ndiaidh an bhruain, chuaigh Sátan isteach ann. Dúirt Íosa leis dá bhrí sin: “A bhfuil agat á dhéanamh, déan go tapa é!”

Bhí sé dílis don Té a cheap é go díreach mar a bhí Maois dílis freisin i dteaghlach uile Dé.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí