Díreach mar a phósann ógfhear cailín, is é an Saor féin a phósfaidh thusa; agus mar is cúis ghairdis a chéile don fhear nuaphósta, beidh tú féin i do chúis ghairdis ag do Dhia.
ina dtrioblóidí go léir. Ní teachtaire ná aingeal ach é féin a scaoil saor iad. Le teann grá agus trua d'fhuascail sé féin iad; thóg sé suas agus d'iompair iad sna laethanta sin uile anallód.
Abair leo: ‘Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní mian liomsa bás an chiontaigh ach go n‑iompódh sé óna bhealaí agus go mairfeadh sé. Filligí, filligí ó bhur ndrochbhealaí. Cad chuige bhur ndúil sa bhás, a mhuintir Iosrael?’
Beidh sé féin ina údar síochána; nuair a thiocfaidh an Asaír isteach inár dtír, nuair a chuirfidh siad cos laistigh dár gcríocha, músclóimid seachtar aoire agus ochtar taoiseach ina gcoinne.
Cén Dia atá cosúil leatsa? Óir tógann tú peacaí chun siúil agus maitheann tú a gcionta d'fhuílleach d'oidhreachta; ní buan í do chuid feirge agus is áil leat an buanghrá.
Tá an Tiarna, do Dhia, i do lár mar laoch caithréimeach; déanfaidh sé gairdeas go spleodrach mar gheall ort. Athnuafaidh sé thú le neart a ghrá; tógfaidh sé gártha áthais ar do shon faoi mar a dhéantar ar lá an tsollúntais.’
“Cén duine agaibh a mbíonn céad caora aige agus go gcaillfidh sé aon cheann amháin acu, nach bhfágann an naoi nóchad eile san fhásach agus dul ina diaidh siúd a bhí caillte nó go bhfaigheann í?
agus ar theacht abhaile dó, glaonn sé a chairde agus a chomharsana le chéile, ag rá leo: ‘Déanaigí comhghairdeas liom, óir, an chaora a bhí caillte agam, fuair mé í.’
mar ní le briathra béil amháin a tháinig ár ndea-scéal chugaibh ach le cumhacht agus le lándeimhniú an Spioraid Naoimh. Agus tá a fhios agaibhse mar a thugamar ár saol, fad a bhíomar in bhur measc, ar mhaithe libh.
Bímis ag féachaint romhainn amach ar Íosa, ar cheannródaí ár gcreidimh, a thabharfaidh chun foirfeachta é. Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó d'fhulaing sé céasadh na croise mar rinne sé neamhní den mhasla sin, agus tá sé ina shuí anois ar an taobh deas de ríchathaoir Dé.