Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 15:29

An Bíobla Naofa 1981

Ach dúirt sé lena athair á fhreagairt: ‘Féach féin a bhfuilim de bhlianta ag seirbhís duit agus ní dheachaigh mé riamh thar do réir, agus riamh níor thug tú dom mionnán gabhair chun go ndéanfainn aoibhneas le mo chairde.

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

“Fan mar a bhfuil tú,” a deir siad, “ná bain díom; óir is naofa ná tusa mé.” Toit i mo shrón is ea an dream seo, tine nach múchtar ar feadh an lae.

agus chun an cheist seo a chur ar shagairt Theampall Thiarna na Slua agus ar na fáithe: “An gcaithfidh mé caoineadh agus troscadh a dhéanamh go fóill sa chúigiú mí faoi mar atá á dhéanamh agam leis an oiread sin blianta anuas?”

Deir sibh: ‘Is saothar in aisce dúinn seirbhís a dhéanamh do Dhia. Cén tairbhe dúinn é a aitheanta a chomhlíonadh agus siúl go dobrónach os comhair Thiarna na Slua?

‘An dream déanach seo,’ deiridís, ‘níor thug siad ach an t‑aon uair amháin, agus chuir tú ar aon dul iad féin agus sinne a d'fhulaing ualach an lae agus an brothall.’

Ach bhí fearg air agus níorbh áil leis dul isteach. Tháinig a athair amach ag achainí air.

Ach an mac seo agat nuair a tháinig sé, tar éis do mhaoin shaolta a ídiú le striapacha, mharaigh tú an lao biata dó.’

Deirim libh, is amhlaidh sin a bheidh níos mó áthais sna flaithis faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí ná faoin naoi bhfíréin nóchad nach mbíonn gá le haithrí acu.

Amhlaidh sin daoibhse; nuair a bhíonn gach a raibh ordaithe daoibh déanta agaibh, abraigí: ‘Is seirbhísigh gan aird sinn: níl déanta againn ach an méid a bhí d'fhiacha orainn a dhéanamh.’ ”

Labhair sé an parabal seo freisin chun daoine áirithe a bhí teann astu féin bheith fíréanta, agus gur bheag orthu cách eile:

Óir bhí eagla orm romhat, de bhrí gur duine dian tú; glacann tú chugat an rud nár chuir tú i dtaisce agus baineann tú an fómhar nár chuir tú a shíol.’

Mar nuair nár aithin siad fíréantacht Dé ach iad ag iarraidh a bhfíréantacht féin a bhunú, níor ghéill siad d'fhíréantacht Dé.

Mar ní fhíréanófar duine ar bith i bhfianaise Dé as an dlí a chomhlíonadh. Óir is aithne ar an bpeaca a thagann ón dlí.

Cá bhfuil do chuid mórála, mar sin? Tá an doras dúnta uirthi. Agus cad é an saghas dlí a dhún an doras uirthi? Dlí na n‑oibreacha an ea? Ní hea go deimhin, ach dlí an chreidimh.

Lá den saol, in éagmais an dlí, bhí mise beo; ach ar theacht don aithne, bheoigh an peaca

An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé dó cuid den mhana folaigh; agus tabharfaidh mé dó cloch gheal agus ainm nua scríofa ar an gcloch, ainm nach fios d'aon duine ach don té a ghlacann é.”

Óir deir tú: “Táim saibhir, táim faoi chonách, níl aon easpa orm”; agus gan a fhios agat go bhfuil tú dearóil, truamhéileach, bocht, dall, gan éadach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí