A urnaí, conas mar a ghéill Dia dá urnaí, a pheacaí agus a mhídhílse, na láithreacha inar thóg sé ardionaid, agus inar chuir sé cuaillí naofa agus íola ina seasamh, sular umhlaigh sé é féin, tá sin uile scríofa in Annála [na bhFísithe].
óir is tusa ár n‑athair, cé nach n‑aithníonn Abrahám sinn agus nach cuimhin le hIosrael sinn níos mó. Tusa, a Thiarna, is athair dúinn; ár bhfuascailteoir, is é sin d'ainm riamh anall.
Agus bhí mé ag ceapadh: Cé mar ba mhaith liom thusa a áireamh ar mo chlann mhac, agus go dtabharfainn duit dúiche aoibhinn, an oidhreacht is deise ar na ciníocha uile. Cheap mé go dtabharfása orm: rí Athair liom, agus nach n‑imeofá go deo ó mo lorg.
An ionúin liom mo mhac Eafráim an méid sin? An bhfuil mé chomh doirte sin air mar leanbh, nach bhfuil uair dá mbagraím air nach ag cuimhneamh air a bhím, nach formhothaithe mé i gcónaí ar a shon, go ligim do mo ghrámhaireacht a bheith ag tnúthán ina dhiaidh? Is é an Tiarna a labhraíonn.
Theilg tú mé síos san aibhéis, i ndoimhneacht na farraige, mar ar thimpeallaigh an díle mé, agus mar a raibh do thonnta agus do shaoistí uile ag madhmadh tharam.
Dá bhrí sin, más eol daoibhse, dá olcas sibh, nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh bhur nAthair atá ar neamh nithe maithe dóibh seo a iarrann air iad?
Ach tháinig sé chuige féin agus dúirt: ‘Cá liacht de lucht tuarastail ag m'athair a bhfuil fuílleach aráin acu, agus mise anseo ag fáil bháis den ghorta!
Ach sheas an poibleacánach i bhfad siar, agus níorbh áil leis fiú amháin a shúile a ardú chun na bhflaitheas, ach é ag bualadh a uchta, ag rá: ‘A Dhia, glac trua dom, an peacach.’