An té a bhfuil dúil aige sa luaithreach ar an dóigh sin, tá mearbhall ar a intinn agus é ar seachrán. Níl sé in ann é féin a shábháil agus a rá: “An rud seo i mo láimh agam, níl ann ach cur i gcéill!”
Cén fáth a gcaitheann sibh airgead air rud nach arán é, agus luach bhur saothair ar rud nach bhfuil sásamh ann? Éistigí liomsa agus beidh sólaistí le hithe agaibh agus beidh taitneamh á bhaint agaibh as togha an bhia.
An dream nach n‑itheadh ach bia beadaí, tá siad ag fáil bháis sna sráideanna; iad siúd a tógadh in éadach corcra, luíonn siad go faon ar charn dramhaíle.
Tá Eafráim do mo thimpeallú le camastaíl, agus teaghlach Iosrael do mo sháinniú le cluanaireacht. (Ach gluaiseann Iúdá in éineacht le Dia fós agus fanann sí dílis don Té is Naofa.)
“Ná tugaigí do na madraí an rud a bhíonn beannaithe, agus ná caithigí bhur gcuid péarlaí mar bhia chun na muc: satlóidh siad faoina gcrúba iad agus iompóidh siad oraibh féin do bhur réabadh.
Ach tháinig sé chuige féin agus dúirt: ‘Cá liacht de lucht tuarastail ag m'athair a bhfuil fuílleach aráin acu, agus mise anseo ag fáil bháis den ghorta!