Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 14:31

An Bíobla Naofa 1981

Nó cén rí, agus é ag dul i ngleic cogaidh le rí eile, nach suífidh síos ar dtús ag déanamh comhairle, féachaint an bhféadfaidh sé dul, líon deich míle, faoina dhéin siúd atá ag déanamh air agus fiche míle aige?

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Ach sé freagra a thug rí Iosrael air: “Sé deir [an seanfhocal]: ‘Ní don té a chuireann a éide chatha uime is dual maíomh, ach don té a bhaineann de í.’ ”

Táid i ngar dá chéile, I dtreo nach dtéann aer eatarthu.

Meáigh do bhearta i gcomhairle le daoine eile; agus fear cath le treoir chiallmhar.

ná sceith é go róthobann sa chúirt. Óir céard a dhéanfaidh tú ar deireadh má bhréagnaíonn do chomharsana thú?

‘Thosaigh an duine seo ag tógáil agus níor chumas dó é thabhairt chun críche!’

Agus mura bhféadann, le linn dó siúd bheith i bhfad uaidh, cuireann sé teachtaí chuige ag iarraidh coinníollacha síochána.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí