Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 14:3

An Bíobla Naofa 1981

Labhair Íosa leis na dlíodóirí agus leis na Fairisínigh: “An dleathach leigheas a dhéanamh lá saboide,” ar sé, “nó an mídhleathach?”

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Bhí fear ansiúd a raibh lámh leis seargtha, agus chuir siad an cheist seo ar Íosa: “An bhfuil sé dleathach leigheas a dhéanamh lá saboide?” chun go gciontóidís é.

Chonaic na Fairisínigh é sin agus dúirt siad: “Féach, tá do dheisceabail ag déanamh ruda nach dleathach a dhéanamh lá sabóide.”

agus duine acu, a bhí ina dhlíodóir, chuir sé ceist air ag baint trialach as:

Agus dúirt sé leo: “Cé acu is dleathach a dhéanamh lá sabóide, an mhaith nó an t‑olc, beatha a shaoradh nó a mharú?” Ach ní raibh focal astu.

Agus bhí, os a chomhair amach, fear a raibh íorpais air.

Ach d'fhan siad ina dtost. Thóg sé é agus leigheas é agus scaoil uaidh é.

Dúirt Íosa leo: “Fiafraím díbh, cé acu is dleathach a dhéanamh lá sabóide, an mhaith nó an t‑olc, anam a shaoradh nó a mhilleadh?”

Má dhéantar timpeallghearradh ar dhuine sa tsabóid chun nach mbrisfí dlí Mhaois, an bhfuil fearg oraibh liomsa mar go ndearna mé duine iomlán a leigheas sa tsabóid?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí