Óir cé agaibh arb áil leis túr a thógáil, nach suífidh síos ar dtús agus an costas a mheas, féachaint an acmhainn dó é a chríochnú?
Leag amach a bhfuil romhat ar an mbán, agus déan do phrapáil ar an machaire; imigh leat ansin agus tóg do theach.
Agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m'ainmse. Ach an té a sheasfaidh amach go deireadh, sábhálfar é.
Dúirt Íosa leis: “Tá pruchóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.”
Cibé nach ndéanann a chros a iompar agus teacht i mo dhiaidh, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.
Le heagla, tar éis dó bonn a leagan agus gan air a chumas é a thabhairt chun críche, go dtosódh an lucht féachana ag fonóid faoi á rá:
A dhála sin díreach, gach duine agaibhse nach dtréigeann a mhaoin uile ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.
Ach d'fhreagair Pól ansin: “Cad ab áil libh bheith ag olagón mar sin agus ag scóladh an chroí ionam? Táim ullamh ní amháin le mo cheangal ach leis an mbas féin a fhulaingt ar son ainm an Tiarna Íosa in Iarúsailéim.”