Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 14:21

An Bíobla Naofa 1981

Tháinig an seirbhíseach ar ais agus d'inis an méid sin dá mháistir. Dúirt fear an tí lena sheirbhíseach ansin, agus fearg air: ‘Amach leat gan stad faoi shráideanna agus faoi chabhsaí na cathrach, agus seol isteach anseo na boicht agus na mairtínigh agus na daill agus na bacaigh.’

Féach an chaibidil Cóip

38 Tagairtí Cros  

Tá mé crom; tá mé craptha go dearfa; triallaim timpeall go dobrónach ar feadh an lae.

tá a théada scaoilte, ní choinníonn siad an crann seoil níos mó, ní chrochann siad an comhartha in airde. Roinnfear creach agus éadáil mhór ansin; go fiú na bacaigh, déanfaidh siad slad.

beidh an bacach ag léimneach mar a bheadh fia ann agus teanga an bhalbháin ag gabháil ceoil le lúcháir. Óir brúchtfaidh uisce aníos san fhásach agus srutháin i bhfearann an triomaigh;

Gabh anonn agus anall trí shráideanna Iarúsailéim, féach anois, agus bíodh a fhios agat, cuardaigh a cearnóga; má éiríonn leat fear a fháil, oiread agus fear a dhéanann an ceart agus a iarrann an fhírinne, tabharfaidh mise ansin maithiúnas di, [a deir an Tiarna].

Agus cuireadh ar ceal an lá sin é agus thuig na trádálaithe caorach a bhí ag féachaint orm gurbh é sin briathar an Tiarna.

Mar sin de, rinneadh aoire díom ar an tréad a bhí le marú ag na trádálaithe caorach. Ansin thóg mé dhá bhachall; “Cineáltas” a thug mé mar ainm ar cheann acu agus “Aontacht” ar an gceann eile agus thosaigh mé ar an tréad a bheathú.

“Tagaigí chugam, sibhse uile a bhfuil saothar agus tromualach oraibh, agus tabharfaidh mé faoiseamh daoibh.

tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.

Tháinig na deisceabail chuige ansin agus dúirt siad leis: “An bhfuil a fhios agat, nuair a chuala na Fairisínigh an chaint sin, gur ghlac siad scannal inti?”

Nuair a chonaic a chomhsheirbhísigh an méid sin, ghabh buaireamh mór iad, agus chuaigh siad ag insint an scéil ar fad dá máistir.

Dúirt siad: ‘Mar nár fhostaigh aon duine sinn.’ Dúirt sé leo: ‘Sibhse freisin, isteach san fhíonghort libh.’

Ach nuair a bhíonn fleá agat á tabhairt, tabhair cuireadh do bhoicht, do mhairtínigh, do bhacaigh, do dhaill;

Agus dúirt duine eile: ‘Táim tar éis pósta, agus dá bhrí sin ní fhéadaim dul.’

Dúirt an seirbhíseach: ‘A mháistir, tá ar ordaigh tú déanta, ach tá slí fós ann.’

Óir deirim libh, na fir úd a fuair an cuireadh, ní bhlaisfidh aon duine acu mo dhinnéar.’ ”

agus go mbeadh aithrí agus maithiúnas peacaí á bhfógairt ina ainm do na náisiúin uile, ag tosú ó Iarúsailéim.

Tháinig na haspail ar ais agus thug scéala dó ar a raibh déanta acu. Agus rug sé leis iad agus chuaigh i leataobh san uaigneas i dtreo cathrach ar a nglaotar Béatsáide.

Dúirt Íosa: “Is chun breithiúnais a tháinig mé ar an saol seo, i dtreo go bhfeicfeadh an dream nach bhfeiceann, agus go ndallfaí an dream a fheiceann.”

Bígí umhal do bhur gceannairí agus tugaigí aird orthu. Tá togha an aireachais á thabhairt acu do bhur n‑anamacha mar beidh orthu cuntas a thabhairt ionaibh. Féachaigí chuige gurb ábhar áthais dóibh an cúram sin. Óir más ábhar osnaíola dóibh é ní rachaidh sé sin chun sochair daoibhse.

conas a éalóimidne as má bhímid ar nós cuma liom faoina chomhmhór sin de shlánú [agus a gealladh dúinn]. Óir is trí bhéal an Tiarna a fógraíodh é ar dtús agus deimhníodh dúinn é ansin tríd an muintir a chuala é.

Éistigí, a bhráithre ionúine, nach iad an mhuintir atá bocht os comhair an tsaoil a thogh Dia le bheith saibhir sa chreideamh agus le bheith ina n‑oidhrí ar an ríocht a gheall sé dóibh siúd a thugann grá dó?

Bhí claíomh géar ag síneadh óna bhéal chun ciníocha a bhascadh. Déanann sé iad a rialú le slat iarainn agus pasálann sé cantaoir fhíon feirge Dé Uilechumhachtaigh.

Deir an Spiorad agus an nuachair: “Tar.” Agus an té a chloiseann, abradh sé: “Tar.” Agus an té a bhfuil tart air tagadh sé; agus an té a bhfuil dúil aige ann, bíodh uisce na beatha in aisce aige.

Tógann sé an bocht as an luaithreach; Ardaíonn sé na gátaraigh ón gcarn aoiligh, Á gcur ina suí le flatha Agus ag bronnadh cathaoir onóra orthu. Óir is leis an Tiarna colúin na cruinne Agus is orthu a bhunaigh sé an domhan.

Chas ógánaigh Dháiví ar a sáil agus d'fhilleadar an bealach a thángadar agus rinneadar an méid sin go léir a aithris do Dháiví.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí