Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 14:18

An Bíobla Naofa 1981

Agus thosaigh siad uile mar a chéile á leithscéalú féin. Dúirt an chéad duine leis: ‘Tá feirm ceannaithe agam, agus is éigean dom dul amach á feiceáil; iarraim ort mo leithscéal a ghabháil.’

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

Cé leis a labhróidh mise, cé dhó a dtabharfaidh mé rabhadh le go gcluine siad? Is follas go bhfuil a gcluasa dúnta, ní fhéadann siad éisteacht. Is follas gur suarach leo briathar an Tiarna, níl dúil acu ann.

Chuir sé a sheirbhíseach uaidh ar uair an dinnéir á rá leo seo a fuair an cuireadh: ‘Tagaigí, mar tá sé reidh anois.’

Dúirt duine eile: ‘Tá cúig cuingireacha damh ceannaithe agam, agus táim ag dul á dtriail; iarraim ort mo leithscéal a ghabháil.’

Ar a fheiceáil amhlaidh d'Íosa, dúirt: “Cad é chomh deacair is a bhíonn sé ar lucht an tsaibhris dul isteach i ríocht Dé!

É siúd a thit sa deilgneach, sin iad na daoine a chuala, ach go n‑imíonn siad leo agus go bplúchtar iad ag cúraimí agus ag saibhreas agus ag pléisiúir an tsaoil, agus ní thagann siad chun aibíochta.

Chun a chuid féin a tháinig agus níor ghlac a mhuintir é.

ach ní áil libh teacht chugam i dtreo go mbeadh beatha agaibh.

siúd is go bhféadfainnse bheith teann as an gcolainn chomh maith le cách. Go deimhin cibé duine eile atá teann as an gcolainn, is mó ná sin an bun atá agamsa le bheith amhlaidh:

Mar thit Déamas i ngrá leis an saol seo, thréig sé mé agus d'imigh leis go Teasaloinicé. D'imigh Créiscéas go Galait agus Títeas go Dalmait.

tabharfaidh siad an chluas bhodhar don fhírinne agus casfaidh siad ar na finscéalta.

Ná bíodh aon duine drúisiúil ná díchreidmheach oraibh ar nós Éasau, a dhíol a cheart oidhreachta ar aon bhéile bia amháin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí