Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 14:12

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt sé freisin leis an té a thug an cuireadh dó: “Nuair a bhíonn meán lae nó dinnéar á thabhairt agat, ná cuir gairm ar do chairde ná ar do bhráithre ná ar do ghaolta ná ar do chomharsana saibhre, le heagla go dtabharfaidís sin cuireadh duitse ar a seal agus go ndíolfaí an comhar leat.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Is fuath fiú lena chomharsa féin an bochtán; ach bíonn fuílleach cairde ag an saibhir.

Luigh ar an mbochtán agus bronnfar maoin air; tabhair rud don saibhir agus déanfaidh tú é a chreachadh.

Óir, má thugann sibh grá dóibh seo a thugann grá daoibh, cad é an tuarastal atá ag dul daoibh? Nach ndéanann na poibleacánaigh féin an rud céanna?

Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe, agus chuir sé na saibhre uaidh folamh.

Agus chuala a comharsana agus a gaolta go ndearna Dia a thrócaire go hiomarcúil uirthi, agus rinne siad comhghairdeas léi.

Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin, ardófar é.”

Ach nuair a bhíonn fleá agat á tabhairt, tabhair cuireadh do bhoicht, do mhairtínigh, do bhacaigh, do dhaill;

Díolaigí an comhar linn, a chlann ó, agus bígí chomh hoscailte céanna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí