Lúcás 13:4An Bíobla Naofa 1981Nó an t‑ocht nduine dhéag úd ar thit an túr orthu i Siolóam agus gur mharaigh iad, an dóigh libh gur mhó a bhí siad i bhfiacha ná an chuid eile d'áitritheoirí Iarúsailéim? Féach an chaibidil |
Sealúm mac Chol Hoize, uachtarán dhúiche Mhizpeá, dheisigh sé Geata an Tobair; d'athchóirigh sé é, chumhdaigh é, agus ghreamaigh a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí. D'atóg sé chomh maith balla Linn na Canálach le hais ghairdín an rí, chomh fada ar aghaidh leis na céimeanna anuas ó dhúnfort Dháiví.