Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 13:35

An Bíobla Naofa 1981

Féach, fágfar fúibh féin bhur dteach! Agus deirim libh, ní fheicfidh sibh mé níos mó go dtí go ndéarfaidh sibh: ‘Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna!’ ”

Féach an chaibidil Cóip

31 Tagairtí Cros  

Is beannaithe in ainm an Tiarna an té atá le teacht. Beannaímid sibh as teach an Tiarna.

Go lige tú do racht amach orthu. Go mbeire orthu teas do dhíbheirge.

Nach álainn ar na sléibhte cosa an té a bhfuil dea-scéala leis, síocháin á craoladh aige, maitheas á fógairt aige, fuascailt á craoladh aige, á rá le Síón: “Tá do Dhia tar éis teacht i réim.”

Ach mura n‑éisteann sibh leis na briathra seo, mionnaim dar mé féin - an Tiarna a labhraíonn - go mbeidh an pálás seo ina fhásach.

Uime sin - is mar seo a deir an Tiarna, Dia na Slua, Dia Iosrael: Tabharfaidh mise ar Iúdá agus ar áitritheoirí Iarúsailéim an uile olc dar fhógair mé ina n‑aghaidh, óir labhair mé leo agus ní éistfidís, ghlaoigh mé orthu agus ní fhreagróidís.’ ”

Dá dheasca sin déanfar gort treafa de Shíón agus fothrach de Iarúsailéim agus ardán crannach de Shliabh an Teampaill mar gheall oraibhse.

“Agus doirtfidh mé spiorad an ghrásta agus na hachainí ar theaghlach Dháiví agus ar áitritheoirí Iarúsailéim i dtreo go mbreathnóidh siad ormsa, ar an té a tholl siad. Caoinfidh siad é mar a chaoinfeá aonmhac; goilfidh siad go géar goirt ina dhiaidh faoi mar a dhéanfaí gol i ndiaidh na céadghine.

Is amhlaidh a chruinneoidh mé na náisiúin uile le chéile in aghaidh Iarúsailéim chun cogadh a chur uirthi; gabhfar an chathair, creachfar na tithe; éigneofar na mná agus imeoidh leath na cathrach ar deoraíocht. Ach ní dhíothófar an leath eile de mhuintir na cathrach ar aon chor.

agus na sluaite a bhí roimhe amach agus iad seo a bhí á leanúint, bhí na gártha acu á gcur suas: “Hósana do Mhac Dháiví! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna! Hósana sna harda.”

“A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós mar a bhailíonn an chearc a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh!

Nuair a tháinig sé i ngar don chathair agus radharc aige uirthi, ghoil sé mar gheall uirthi,

titfidh siad le béal an chlaímh; seolfar ina mbránna iad ar fud na náisiún uile; agus beidh Iarúsailéim á satailt ag gintlithe nó go dtiocfaidh aimsirí na ngintlithe chun críche.

thóg siad craobhacha pailme agus amach leo ina choinne, agus na gártha á gcur suas acu: “Hósana! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna, sea, rí Iosrael.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí