Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 13:21

An Bíobla Naofa 1981

Tá sí cosúil le gabháil a thóg bean agus a d'fholaigh sí i dtrí peice plúir nó go raibh sé gabháilte ar fad.”

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Cloíonn an fíréan lena bhealaí, Agus tagann breis nirt chun an té atá glan ó chroí.

Tá bealach na bhfíréan mar an láchan, agus a solas ag dul i ngile go hard an lae.

Bíodh aithne againn ar an Tiarna; déanaimis ár ndícheall le haithne a chur air! Beidh a thaibhsiú chomh cinnte le breacadh an lae; tiocfaidh sé chugainn mar an bháisteach, amhail fearthainn an earraigh a uiscíonn an tír.”

D'inis sé parabal eile dóibh: “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le gabháil a thóg bean agus a d'fholaigh sí i dtrí pheic plúir nó go raibh sé gabháilte ar fad.”

Agus dúirt sé arís: “Cad leis a gcuirfidh mé ríocht Dé i gcomparáid?

Gach géag ionam nach dtugann toradh, bainfidh sé í; agus gach géag a thugann toradh, bearrfaidh sé í, ionas go dtabharfaidh sí breis toraidh.

Ach má olann aon duine an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.”

Ní healaí daoibh an mhórchúis; nach bhfuil a fhios agaibh go ndéanann pinse gabháile an taos go léir a ghabháileadh.

Agus táim cinnte den mhéid seo: an té a thosaigh an dea-obair in bhur measc go leanfaidh sé á chur i gcrích go dtí lá Íosa Críost.

Díbrígí uaibh dá bhrí sin gach uile chineál salachair agus borradh na drochbheartaíochta agus glacaigí go ceansa le briathar Dé a síoladh ionaibh, an briathar atá in ann bhur n‑anam a shlánú.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí