Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 13:19

An Bíobla Naofa 1981

Tá sí cosúil le gráinne de shíol mustaird a thóg duine agus a chaith sé uaidh ina gharraí, agus d'fhás sé agus rinne crann mór de agus chuaigh éanlaith an aeir ar foscadh ina chraobhacha.”

Féach an chaibidil Cóip

38 Tagairtí Cros  

Gort i lios tú, a shiúr, a bhrídeach, gort i ráth, tobar i gcomhad.

Éirigh a ghaoth aduaidh, gluais, a ghaoth aneas, séidigí trí mo ghairdín go leatha a chumhrachtaí. Tagadh mo ghrá isteach ina ghort, blaiseadh sé togha gach toraidh ann.

Síos ina ghort a chuaigh mo ghrá, go ceapacha na spíosraí, lena thréad a chur ar féarach agus blátha a chruinniú.

Tusa sa ghort - tá na cairde ag éisteacht - cluinim do ghuth.

“Cé a chreidfeadh an scéal is clos dúinn, agus neart an Tiarna, cé dó a nochtadh é?”

Ba thoil leis an Tiarna é a bhascadh le breoiteacht. Má thugann sé a anam in éiric an pheaca, feicfidh sé a shliocht, cuirfidh sé fad lena shaol, agus rachaidh toil an Tiarna chun cinn ina lámha.

Beidh an Tiarna do do threorú de shíor agus ag riar do ghá faoi loscadh na gréine. Cuirfidh sé smior i do chnámha agus beidh tú mar ghairdín a fuair riar uisce, ar nós tobar nach dtéann a chuid uiscí i ndísc.

Óir, mar a chuireann an talamh aníos a gheamhair, ar nós gairdín ag geamhrú ón síolchur, is amhlaidh a chuirfidh an Tiarna Dia aníos mar gheamhar fíréantacht agus moladh i bhfianaise na gciníocha go léir.”

Caitheann an Tiarna focal le Iacób agus titeann sé ar Iosrael.

Tiocfaidh siad agus canfaidh ar mhullach Shíón; baileoidh siad in éineacht chun maitheasaí an Tiarna: cruithneacht agus ola agus fíon, caoirigh agus eallach; beidh a n‑anamacha mar a bheadh garraí uiscithe; ní dhéanfaidh siad brón níos mó.

Neadaíodh ina ghéaga éanlaith uile an aeir; bheireadh na hainmhithe allta uile a n‑óga faoina chraobhacha; shuíodh faoina scáile daoine de gach sórt.

Hóigh!, a Shíón, sábháil thú féin, tusa a chonaíonn sa Bhablóin;

Dúirt sé leo: “De dheasca a laghad creidimh a bhí agaibh. Óir deirim libh go fírinneach: má bhíonn oiread an ghráinne síol mustaird de chreideamh agaibh, féadfaidh sibh a rá leis an sliabh seo: ‘Aistrigh as seo anonn’, agus aistreoidh, agus ní bheidh rud ar bith a rachaidh díbh.

Agus dúirt: “Cad leis a gcuirfimid ríocht Dé i gcomparáid, nó cén parabal a luafaimid léi?

Ach dúirt an Tiarna: “Dá mbeadh oiread ghráinne an tsíl mhustaird de chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann maoildeirge seo: ‘Baintear as do fhréamhacha tú, agus déan tú féin a phlandáil san fharraige!’ agus dhéanfadh sé rud oraibh.

An méid díobh a ghlac lena theachtaireacht, baisteadh iad agus cuireadh tuairim is trí mhíle duine lena líon an lá sin.

Agus nuair a chuala siadsan an scéal, thug siad glóir do Dhia dá chionn. Ansin dúirt siad: “Feiceann tú féin, a bhráthair, a liacht míle duine de na Giúdaigh a bhfuil an creideamh glactha acu agus atá siad go léir dúthrachtach don dlí.

Mórán dá raibh ag éisteacht leis an teachtaireacht, áfach, chreid siad, agus bhí tuairim is cúig mhíle fear acu ann.

le neart comharthaí agus éachtaí agus le cumhacht an Spioraid Naoimh. Dá réir sin tá dea-scéal Chríost craobhscaoilte go forleathan agam ó Iarúsailéim amach agus mórthimpeall chomh fada le hIlliriocum.

Ansin shéid an seachtú haingeal a thrumpa. Agus b'shiúd guthaí tréana sna flaithis á rá: “I lámh ár dTiarna agus a Chríost a tharla tiarnas an domhain agus rialóidh sé ar feadh na síoraíochta.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí