San am sin féin tháinig daoine i láthair á insint dó faoi na Gailíligh, a raibh Pioláit tar éis a gcuid fola agus fuil a n‑íobairtí a mheascadh ar a chéile.
Féach, a Thiarna, agus breathnaigh ar cé hí ar chaith tú léi mar seo; ní féidir gurbh éigean do mhná naíonáin dhea-chumtha a mbroinne féin a ithe; ní féidir gurbh éigean sagairt agus fáithe a mharú i sanctóir an Tiarna!
“A fheara na Gailíle,” ar siad, “cad ab áil libh in bhur seasamh ansin ag amharc in airde sa spéir? An Íosa seo a tógadh suas ar neamh uaibh, tiocfaidh sé an tslí chéanna ina bhfaca sibh ag dul suas é.”
Tháinig Iúdás Gailíleach chun cinn ina dhiaidh sin, aimsir an daonáirimh, agus mheall sé slua ina dhiaidh. Ach cailleadh eisean chomh maith agus scaipeadh a lucht leanúna go léir.