An é is dóigh libh gur chun síocháin a thabhairt ar an talamh a tháinig mé? Ní hea, deirim libh, ach easaontas.
Ina dhiaidh sin bhris mé an dara bachall, “Aontacht”, ina dhá leath chun an bráithreachas a bhí idir Iúdá agus Iosrael a bhriseadh.
“Chun tine a chaitheamh ar an talamh a tháinig mé, agus nach mór is áil liom go mbeadh sí ar lasadh cheana féin!
Óir, as seo amach, beidh cúigear in aon teaghlach in easaontas le chéile, triúr le beirt agus beirt le triúr;
(Nuair a bhí an méid sin ráite aige, d'imigh na Giúdaigh uaidh amach, agus aighneas mór acu eatarthu féin.)