Níl duine díobh atá traochta ná tuirseach, ná duine atá ceanntrom ná codlatach; a chrios níl scaoilte dá chorróig ag aon duine acu ná iall a chuid cuarán briste.
Sibhse mar an gcéanna, bíodh bhur solas ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidís bhur ndeaghníomhartha agus go nglóireoidís bhur nAthair atá ar neamh.
agus sibh cosúil le daoine a bhíonn ag súil lena máistir a theacht ar ais ón mbainis, ionas, nuair a thiocfaidh sé agus go mbuailfidh, go n‑osclóidh siad láithreach dó.
Dá bhrí sin cuirigí bhur n‑aigne i gcóir chun oibre, bígí stuama, agus bíodh bhur muinín go hiomlán as an ngrásta a dháilfear oraibh nuair a fhoilseofar Íosa Críost.