Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 12:33

An Bíobla Naofa 1981

Díolaigí a bhfuil agaibh agus déanaigí déirc; déanaigí daoibh féin sparáin nach gcaithfear le haois, stór do-ídithe sna flaithis mar nach dtagann an bithiúnach ina ghar agus nach mbíonn an leamhan á lot.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Ligeann fear gan mhaoin air a bheith saibhir, agus ligeann fear eile lena lán maoine air a bheith dealbh.

Chuir sibh mórán ach níor bhain sibh ach an beagán; itheann sibh ach ní bhfaigheann aon duine agaibh a sháith; ólann sibh ach ní mhúchtar bhur dtart; cuireann sibh éadach oraibh féin ach ní bhíonn aon duine agaibh te teolaí; an té a thuilleann tuarastal is lena a chur i sparán pollta a thuilleann sé é.”

“Más áil leat bheith foirfe,” arsa Íosa leis, “imigh leat, díol amach a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh: tar ansin agus lean mise.”

Ach tugaigí uaibh ina dhéirc an ní atá agaibh, agus tá gach aon ní glan daoibh feasta.

Sin mar a bhíonn ag an té a thaisceann a chuid in ionad é féin a dhéanamh saibhir de réir Dé.”

Agus deirim féin libh, déanaigí cairde daoibh féin leis an airgead mímhacánta, ionas, nuair a chlisfidh sé, go nglacfaidh siad isteach sibh sna bothanna síoraí.

Ar chloisteáil sin d'Íosa, dúirt sé leis: “Tá aon ní amháin de dhíth ort go fóill: díol gach a bhfuil agat agus roinn ar na boicht é agus beidh stór agat sna flaithis; tar ansin agus lean mise.”

Ach dúirt sé é sin, ní mar go raibh aon aird aige ar na boicht ach gur ghadaí é agus go mbíodh an sparán aige agus go mbíodh sé ag tarraingt as a gcuirtí ann.

dhíolaidís a gcuid sealúchais agus a gcuid maoine agus roinnidís a luach ar chách de réir mar a bhíodh aon duine acu ar an gcaolchuid.

Cé gur promhadh go dian san anró iad, tá siad lán d'áthas, agus d'ainneoin iad a bheith beo bocht is iad croí na féile iad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí