Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 12:22

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt sé lena dheisceabail: “Sin é an fáth a n‑abraim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia, ná faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Nuair a thabharfar sibh i láthair na sionagóg agus na ngiúistísí agus an lucht údaráis, ná bígí go himníoch ag fiafraí conas bhur gcúis a phlé, ná cad a déarfaidh sibh;

Óir is mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t‑éadach.

Sibhse, mar an gcéanna, ná bígí ag lorg bhur mbia ná bhur ndí, agus ná bígí do bhur gcrá féin.

Is amhlaidh ba mhaith liom sibh a bheith saor ó imní. Bíonn an fear singil buartha faoi ghnóthaí an Tiarna ag iarraidh an Tiarna a shásamh;

Ná bígí imníoch faoi rud ar bith ach cibé ní atá in easnamh oraibh cuirigí in iúl do Dhia é le hurnaí agus guí agus buíochas buan.

Ná bíodh andúil agaibh san airgead. Ach bígí sásta lena bhfuil agaibh. Óir, deir Dia féin: “Ní thréigfidh mé thú go deo; ní fhágfaidh mé san abar thú choíche.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí