Tá andúil acu in íobairtí fola; Ofrálann siad iad chun go mbeadh an fheoil le hithe acu! Go deimhin, ní taitneamhach leis an Tiarna iad. As seo amach coinneoidh sé cuimhne ar a n‑urchóid, agus cúiteoidh sé a bpeacaí leo; rachaidh siad ar ais chun na hÉigipte.
Ná bígíse, dá bhrí sin, ag tabhairt breithe roimh ré, nó go dtiocfaidh an Tiarna agus tabharfaidh seisean chun solais na nithe atá folaithe sa dorchadas agus nochtfaidh sé rúin na gcroíthe, agus ansin gheobhaidh cách a mholadh ó Dhia.
Mar ní mór dúinn go léir teacht os comhair suí breithimh Chríost chun go bhfaighidh gach duine againn luach an tsaothair a bheidh déanta sa chorp againn, bíodh sé olc nó maith.