“Agus cé a cheap thusa,” ar seisean leis, “i do thaoiseach agus i do bhreitheamh orainne? An mé a mharú a ba áil leat, mar a mharaigh tú an tÉigipteach?” Tháinig scanradh ar Mhaois: “Ní foláir,” ar sé leis féin, “nó go bhfuil an scéal úd amuigh orm.”
Míníodh duit, a dhuine, céard is maith agus céard a iarrann an Tiarna ort. Níl uaidh ach seo: an ceart a dhéanamh, buanghrá a chothú agus siúl go humhal i bhfochair do Dhé.
Ar an ábhar sin níl aon leithscéal agatsa, a dhuine, is cuma cé tú, má thugann tú breith ar dhaoine eile, mar ag tabhairt breithe ar an bhfear thall duit, is tú féin atá do do dhaoradh agat, de bhrí go ndéanann tú féin, an breitheamh, na nithe céanna.
Ach tusa, a dhuine, a bhíonn ag tabhairt breithe ar na daoine a dhéanann na nithe sin, an é a mheasann tú go n‑éalóidh tú ó bhreithiúnas Dé agus tú féin á ndéanamh chomh maith leo?