óir múinfidh an Spiorad Naomh daoibh an uair sin féin na nithe nach foláir a rá.”
“Ce chruthaigh béal an duine?” arsa an Tiarna leis, “cé dhéanann balbh é nó bodhar nó radharcach nó dall? Nach mise, an Tiarna?
Imigh anois mar sin; beidh mise mar thaca le do bhéal agus múinfidh mé duit a mbeidh le rá agat.”
Ach nuair a bheidh sibh ar láimh, ná bígí ag fiafraí conas a labhróidh sibh nó go himníoch cad a déarfaidh sibh. Tabharfar daoibh, an uair sin féin, an rud a bheidh le rá agaibh,
mar ní sibhse a bheidh ag caint: is é Spiorad bhur nAthar a bheidh ag caint ionaibh.
Dúirt duine as an slua leis: “A Mháistir, abair le mo dheartháir mo chion féin den oidhreacht a thabhairt dom.”
óir tabharfaidh mise urlabhra daoibh agus eagna nach bhféadfaidh bhur gcúisitheoirí uile cur ina haghaidh ná a bhréagnú.
Ansin d'fhreagair Peadar iad agus é lán den Spiorad Naomh: “A cheannairí an phobail,” ar seisean, “agus a sheanóirí,
ach ní raibh ar a gcumas aon cheart a bhaint dá chuid eagna ná den Spiorad lenar labhair sé.
Ach bhí seisean lán den Spiorad Naomh, agus, ag féachaint in airde chun na bhflaitheas dó, chonaic sé glóir Dé agus Íosa ina sheasamh ar dheis Dé.