Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 12:1

An Bíobla Naofa 1981

Lena linn sin, agus an slua cruinnithe le chéile ina mílte móra go dtí go raibh siad ag satailt ar a chéile, thosaigh sé ag caint lena dheisceabail ar dtús: “Seachnaígí sibh féin ar ghabháil - is é sin, ar bhréagchrábhadh - na bhFairisíneach.

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

An feidhmeannach a bhí mar theannta ag an rí, bhí sé ceaptha aige mar chaptaen ar gharda an gheata, ach shatail na daoine air i mbéal an gheata agus fuair sé bás faoi mar a thairngir an giolla Dé nuair a tháinig an rí anuas chuige.

Gur gearr í caithréim an urchóidigh, Agus nach bhfuil ach gal soip i lúcháir an pheacaigh.

Óir cén dóchas atá ag an aindiaga ag [guí] dó, Agus ag ardú a anama chun Dé?

Déanann na héagráifigh ó chroí an fhearg a chothú Agus ní ghlaonn siad ag lorg cabhrach nuair a chraplann sé iad.

Tá uamhan ar na peacaigh i Síón, tá na haindiagaigh ar bhall amháin creatha. Iad ag fiafraí: “Cé againn a sheasfaidh loisceadh na tine seo? Cé acu againn a sheasfaidh na lasracha síoraí?”

“Is mairg daoibh, mar go bhfuil sibh ar nós na dtuamaí nach bhfeictear, go mbíonn daoine ag siúl os a gcionn gan fhios dóibh féin.”

A bhréagchráifeacha, tá a fhios agaibh conas dreach na talún agus na spéire a léamh, ach cad a bheir daoibh gan an t‑am seo i láthair a léamh?

Aon lá amháin, agus an slua ag brú isteach air ag éisteacht le briathar Dé, bhí sé ina sheasamh ar bhruach loch Gheinéasaireit,

Ba mhóide i gcónaí a bhí an tuairisc air ag leathnú, agus tháinig na daoine ina sluaite móra ag éisteacht leis agus ag fáil leigheas ar a n‑éagruais.

Ar theacht anuas dó in éineacht leo, sheas sé ar thalamh réidh, agus bhí ansin comhthionól mór dá dheisceabail agus slua mór den phobal as Iúdáia go léir agus as Iarúsailéim agus as cósta na Tuíre agus na Síodóine

Agus nuair a chuala siadsan an scéal, thug siad glóir do Dhia dá chionn. Ansin dúirt siad: “Feiceann tú féin, a bhráthair, a liacht míle duine de na Giúdaigh a bhfuil an creideamh glactha acu agus atá siad go léir dúthrachtach don dlí.

Thug mé daoibh mar chéad nithe an teagasc a bhí faighte agam féin: go bhfuair Críost bás in éiric ár bpeacaí, de réir na scrioptúr;

Ina ionad sin, tá sibh tagtha go dtí Sliabh Shíón agus cathair Dé bheo, go dtí an Iarúsailéim neamhaí mar a bhfuil na mílte aingeal bailithe le chéile go háthasach,

Ach an eagna ó lastuas tá sí ar dtús íon, ansin síochánta, cineálta, sochomhairlithe, lán de thrócaire agus de dhea-thorthaí, gan leathchuma, gan cur i gcéill.

Caithigí i leataobh uaibh, más ea, gach mailís agus calaois, gach cur i gcéill, gach formad, agus gach tromaíocht.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí