agus go ndéarfaidh an fear istigh á fhreagairt: ‘Ná bí do mo bhuaireamh, óir tá an doras dúnta anois agus mo chlann is mé féin sa leaba, ní féidir dom éirí chun iad a thabhairt duit’; -
Bhí siad ag dul á ceannach nuair a tháinig an fear nuaphósta, agus iad seo a bhí ullamh, chuaigh siad isteach in éineacht leis chun na bainise, agus dúnadh an doras.
deirim libh, ach mura n‑éirí sé agus iad a thabhairt dó de chionn gur cara dó é, mar sin féin, de chionn a mhínáirí atá sé, éireoidh agus tabharfaidh dó oiread is a bhíonn de dhíth air.
Tar éis d'fhear an tí éirí agus an doras a dhúnadh, agus go dtosóidh sibhse, in bhur seasamh amuigh, ag bualadh an dorais ag rá: ‘A Thiarna, oscail dúinn!’ déarfaidh seisean libh do bhur bhfreagairt: ‘Níl a fhios agam cad as daoibh!’
Agus d'imigh Íosa leo. Ní raibh sé i bhfad ón teach nuair a chuir an taoiseach céad cairde chuige á rá leis: “A Thiarna, ná cuir as duit féin, óir ní fiú mé go dtiocfá isteach faoi dhíon mo thí: