Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 11:44

An Bíobla Naofa 1981

“Is mairg daoibh, mar go bhfuil sibh ar nós na dtuamaí nach bhfeictear, go mbíonn daoine ag siúl os a gcionn gan fhios dóibh féin.”

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Treoraigh mé a Thiarna, i d'fhíréantacht mar gheall ar mo naimhde; réitigh do shlí romham.

Agus ar a mbealach dóibh tríd an tír, má fheiceann aon duine acu cnámha duine, cuirfidh sé comhartha in aice leo nó go gcuirfidh an lucht adhlactha iad i nGleann Hamón Góg. -

Tá faireoir Eafráim i bhfochair mo Dhé - is é an fáidh é. Tá líonta foghlaera leata ar a loirg uile, agus i dteach a Dhé déantar géarleanúint air.

Aon duine a bhaineann le fear a maraíodh le claíomh lasmuigh sa mhachaire, nó le fear a cailleadh, nó le cnámharlach duine, nó le huaigh, bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá.

Is é an gráinnín síl is lú ar bith é, ach nuair a bhíonn sé fásta, bíonn sé ar an gceann is mó de na glasraí agus déantar crann de, a bhféadann éanlaith an aeir dul ar foscadh ina chraobhacha.”

Ansin d'iompaigh Pól air: “Buailfidh Dia thusa, a bhalla aolta,” ar seisean. “An bhfuil tú i do shuí ansin ag tabhairt breithiúnais ormsa de réir an dlí agus tú féin ag sárú an dlí ag ordú mo bhualadhsa?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí