Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 11:40

An Bíobla Naofa 1981

A dhaoine gan chiall, nach é an Té a rinne an taobh amuigh a rinne an taobh istigh freisin?

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Dúirt Dia: “Déanaimis an duine ar ár ndeilbh féin, ar ár gcosúlacht féin, agus bíodh tiarnas acu ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir, ar an eallach, ar an talamh go léir, agus ar na péisteanna go léir a shníonn ar an talamh.”

Ansin chum an Tiarna Dia an duine de chré na talún agus shéid anáil na beatha ina pholláirí; ar an gcaoi sin rinne neach beo den duine.

Do stiúrthóir an chóir. [Salm le] Dáiví. Deir an t‑amadán ina chroí: “Níl aon Dia ann.” Tá siad truaillithe: déanann siad gníomhartha gránna; níl aon duine maith ann.

an té a chum a gcroíthe go léir agus a thugann a mbearta go léir dá aire.

“A dhaoine saonta, an fada eile a thabharfaidh sibh gean do bhur saontacht? An fada eile a bhainfidh scigirí taitneamh as a scigireacht agus a bheidh drochmheas ag amadáin ar an eolas?

A lucht an aineolais, foghlaimigí an chríonnacht; agus sibhse, a amadána, [bíodh ciall agaibh].

“Éistigí seo anois, a phobal dallintinneach gan tuiscint, - ag a bhfuil súile agus nach bhfeiceann, cluasa agus nach gcluineann.

Oracal. Briathar an Tiarna i dtaobh Iosrael. Is é seo a deir an Tiarna, an té a shín amach na flaithis agus a leag bunsraith na cruinne agus a chruthaigh spiorad an duine istigh ann:

Ach chaitheadarsan iad féin ar an mbéal agus ar a bhfiacla, agus dúradar: “A Dhia, a Dhia na spiorad a chuireann anam i ngach feoil, an mbeidh fearg ort leis an gcomhthionól uile de bharr peaca aon duine amháin?”

A dhaoine atá dall gan tuiscint, cé acu is mó le rá, mar sin, an t‑ór féin nó an sanctóir faoi deara an t‑ór a bheith naofa?

A Fhairisínigh dhaill, déan an taobh istigh den chupa a ghlanadh ar dtús, chun go ndéanfaí an taobh amuigh de glan freisin.

Ach dúirt Dia leis: ‘A dhuine gan chiall, san oíche anocht féin, táthar chun d'anam a iarraidh ort ar ais; agus an cnuasach atá déanta agat, cé aige a mbeidh sé?’

Ansin dúirt sé féin leo: “A dhaoine gan tuiscint atá dúr ó chroí chun a bhfuil ráite ag na fáithe a chreidiúint!

A dhuine gan chiall, an síol a chuireann tú sa talamh ní thagann beatha ann gan é a fháil bháis ar dtús.

Lena chois sin, nuair a chuireadh ár n‑aithreacha nádúrtha smacht orainn, bhímis urramach dóibh. Nach mó go mór ná sin is ceart dúinn bheith umhal dár n‑athair spioradálta agus an bheatha a shealbhú?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí