Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 11:4

An Bíobla Naofa 1981

agus maith dúinn ár bpeacaí, óir maithimid féin do chách a bhíonn i bhfiacha againn; agus ná lig sinn i gcathú.”

Féach an chaibidil Cóip

31 Tagairtí Cros  

An t‑aingeal a d'fhuascail mé ó gach olc, go mbeannaí sé na buachaillí seo! Go maire mo ainmse iontu, agus ainm m'aithreacha Abrahám agus Íosác. Go dté siad i líonmhaire agus in iomadúlacht ar chlár na cruinne.”

Nuair a bhéarfaidh an namhaid an bua ar do phobal Iosrael mar gur pheacaigh siad i d'aghaidh, má iompaíonn siad ar ais chugat, agus d'ainm a mholadh, agus idirghuí agus impí a dhéanamh chugat, sa teach seo,

Nuair a dhúnfar na spéartha agus nach mbeidh aon bháisteach mar gur pheacaíodar i d'aghaidh, má dhéanann siad guí i dtreo na háite seo, agus d'ainm a mholadh, agus [go n‑umhlaíonn] tú iad agus go ndéanann siad aithrí ina bpeaca,

Coimeádfaidh an Tiarna ón uile olc thú; coimeádfaidh sé d'anam.

Ar mhaithe le d'ainmse, a Thiarna, maith dom mo pheaca, óir is mór é.

Tabhair do d'aire mo bhrón is mo bhuairt agus maith dom mo pheacaí go léir.

Fill, a Iosrael, ar an Tiarna, do Dhia, óir baineadh tuisle asat de dheasca do chuid urchóide.

Sin é freisin mar a dhéanfaidh m'Athair neamhaí libhse ach mura maitheann gach duine agaibh dá bhráthair féin ó chroí.”

Bígí ag faire agus ag guí, ionas nach rachadh sibh i gcathú. Tá an spiorad fonnmhar ach tá an cholainn fann.”

Agus dúirt sé leo: “Má bhíonn duine agaibh agus cara aige, agus go rachaidh sé chuige i lár na hoíche á rá leis: ‘A chara, tabhair trí builíní ar iasacht dom,

Nó an t‑ocht nduine dhéag úd ar thit an túr orthu i Siolóam agus gur mharaigh iad, an dóigh libh gur mhó a bhí siad i bhfiacha ná an chuid eile d'áitritheoirí Iarúsailéim?

agus dúirt sé leo: “Cad a bheir in bhur gcodladh sibh? Éirígí agus guígí, le heagla go rachadh sibh i gcathú.”

Iad siúd ar an gcarraig, sin iad na daoine a ghlacann an briathar le háthas nuair a chluineann siad é; ach ní bhíonn fréamh acu; creideann siad ar feadh tamaill, ach in am na trialach meathann siad.

Nílim á ghuí go dtógfá as an saol iad, ach go gcoinneofá ón Olc iad.

Níor rug aon triail oraibh go dtí seo a bhí thar chumas an duine. Mar tá Dia dílis agus ní ligfidh sé bhur dtástáil thar bhur n‑achmhainn agus nuair a thiocfaidh an triail cuirfidh sé an bealach ar fáil chomh maith i dtreo go mbeidh ar bhur gcumas teacht uaithi slán.

Cuirigí suas le chéile agus cibé locht a bhíonn ag duine agaibh ar dhuine eile maithigí dá chéile é; faoi mar a mhaith an Tiarna daoibh, déanaigí-se mar an gcéanna.

Ach tá an Tiarna dílis agus treiseoidh sé libh agus cosnóidh sé ar an olc sibh.

agus saorfaidh an Tiarna mé ó gach olc agus tabharfaidh sé slán chun a ríochta ar neamh mé, moladh go deo leis. Amen.

Óir tá breithiúnas gan trócaire le tabhairt ar an té nach ndearna trócaire; ach sáraíonn an trócaire an breithiúnas.

Ná bíodh eagla ort roimh a bhfuil le fulaingt agat. Feach! tá an diabhal ar tí cuid agaibh a chaitheamh i bpríosún d'fhonn sibh a phromhadh, agus beidh duainéis oraibh ar feadh deich lá. Bí dílis go bás, agus tabharfaidh mé duit coróin na beatha.

De bhrí gur choinnigh tú focal m'fhoighne, coinneoidh mise thusa ó uair an chathaithe, atá le teacht ar an domhan go léir, chun lucht áitrithe an domhain a phromhadh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí