Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 11:39

An Bíobla Naofa 1981

Ach dúirt an Tiarna leis: “Sea, is Fairisínigh sibh féin: glanann sibh an taobh amuigh den chupa agus den mhias, ach tá an taobh istigh díbh lán de shlad agus de mhallaitheacht.

Féach an chaibidil Cóip

26 Tagairtí Cros  

Chonaic an Tiarna gurbh éachtach é olc an duine ar an talamh agus nach raibh á thaibhreamh dó ina smaointe de shíor ach an t‑olc.

Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna, ach níor le croí gan locht é.

Is iomaí sin tarbh atá i mo thimpeall, tá tréantairbh Bháiseán thart orm.

Is cuma nó gléas airgid ar áras cré beola sleamhna le croí claon.

Ná bíodh muinín agat as nuair a labhraíonn sé go lách, óir tá seacht ngráiniúlacht ina chliabhlach.

Agus pór atá glan, dar leo féin, ach nár níodh fós as a mbrocamas.

Nigh do chroí ó urchóid ionas go sábháilfear thú, a Iarúsailéim. Cá fhad a lonnfaidh i do chroí do smaointe mailíseacha?

a bhfuil na prionsaí istigh inti amhail leon buile a bheadh cíocrach chun na creiche. Shlog siad daoine siar, ghabh siad maoin agus seoda, d'fhág siad slua baintreach istigh inti.

Tá na taoisigh léi istigh amhail mic tíre ag réabadh na creiche, ag doirteadh fola, ag marú daoine lena stór a ghoid.

Leoin ag búiríl is ea na huaisle atá istigh inti; mic tíre choineascracha nach raibh dada le creimeadh acu ar maidin, is ea a cuid breithiúna.

Óir is iad na nithe a thagann amach as an gcroí, drochsmaointe, dúnmharuithe, bearta adhaltranais agus drúise, gadaíochtaí, fianaisí bréige, diamhaslaí.

“Seachnaígí na fáithe bréige a thagann chugaibh faoi chló caorach ach gur faolchúnna amplacha iad laistigh.

Agus dúirt sé leo: “Is sibhse an dream a chuireann ríocht na bhfíréan oraibh féin i láthair daoine, ach is eol do Dhia bhur gcroíthe, óir an rud a bhíonn ardmheasúil dar le daoine, is ábhar déistine é i láthair Dé.

Agus nuair a chonaic an Tiarna í, ghlac sé trua di agus dúirt léi: “Ná bí ag gol.”

agus chuir scéala go dtí an Tiarna á rá: “An tú an té atá le teacht, nó an ceart dúinn bheith ag súil le duine eile?”

Ach dúirt sé é sin, ní mar go raibh aon aird aige ar na boicht ach gur ghadaí é agus go mbíodh an sparán aige agus go mbíodh sé ag tarraingt as a gcuirtí ann.

Le linn an tsuipéir agus tar éis don diabhal a chur ina chroí ag Iúdás, mac Shíomóin Isceiriót, go mbraithfeadh sé é -

Labhair Peadar leis: “A Anainias,” ar seisean, “cén fáth ar líon Sátan do chroí sa chaoi gur inis tú bréag don Spiorad Naomh agus cuid de luach na feirme a choinneáil agat féin.

agus mar a sháraigh mé formhór lucht mo linne de mo chine féin i gcleachtadh an Ghiúdachais, de bharr na díograise thar meán a bhí ionam i dtaobh thraidisiúin mo shinsear.

Beidh comharthaí sóirt na cráifeachta acu, ach go mbeidh a brí séanta acu. Seachainse a leithéidí.

Iad sin atá glan iad féin, is glan leo gach aon ní; ach iad siúd atá salaithe agus neamhchreidmheach, ní glan leo rud ar bith mar go bhfuil an aigne agus an coinsias truaillithe iontu.

Druidigí i gcóngar Dé agus druidfidh Dia in bhur gcóngarsa. Nígí bhur lámha, a pheacacha, agus glanaigí bhur gcroí, sibhse atá ag cogadh le bhur n‑aigne.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí