Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 11:35

An Bíobla Naofa 1981

Féach chuige, mar sin, nach mbíonn an solas atá ionat ina dhorchadas.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Tá cosán ann a shamhlaíonn ceart do dhuine, ach níl de chríoch leis ach an bás.

An bhfeiceann tú duine atá ciallmhar dar leis féin? Is mó an dóchas atá ann don amadán na dósan.

“Is í an tsúil lampa an choirp. Má bhíonn do shúil slán, beidh do chorp ar fad solasmhar.

Is í do shúil lampa do choirp. Nuair a bhíonn do shúil slán, bíonn do chorp ar fad solasmhar freisin. Ach nuair a bhíonn sí tinn, bíonn do chorp ar fad sa dorchadas.

Má bhíonn do chorp ar fad solasmhar dá bhrí sin, gan aon chuid den dorchadas ann, beidh sé solasmhar ar fad nuair a shoilsíonn an lampa lena ghile thú.”

Agus iad ag maíomh gur lucht gaoise iad féin, d'imigh siad le baois;

An té a bhfuil na nithe sin de dhíth air, tá sé dallta caoch agus dearmad déanta aige air gur glanadh é óna sheanpheacaí.

Óir, le hainmhianta drabhlásacha collaí, bíonn siad ag mealladh na ndaoine d'éalaigh le déanaí ón muintir atá ag caitheamh a saoil ar seachrán, lena ngártha bladhmannacha baoise.

Óir deir tú: “Táim saibhir, táim faoi chonách, níl aon easpa orm”; agus gan a fhios agat go bhfuil tú dearóil, truamhéileach, bocht, dall, gan éadach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí