Is í do shúil lampa do choirp. Nuair a bhíonn do shúil slán, bíonn do chorp ar fad solasmhar freisin. Ach nuair a bhíonn sí tinn, bíonn do chorp ar fad sa dorchadas.
Óir tá an Tiarna tar éis toirchim suain a dhoirteadh sa mhullach oraibh; thug sé dúnadh ar bhur súile, na fáithe, agus chuir sé dallóg ar bhur gceann, an lucht físe.
Cé atá dall, murab é mo shearbhónta é, nó cé atá chomh bodhar leis an teachtaire a chuir mé uaim? Cé atá chomh dall le fear muiníne Dé nó chomh bodhar le giolla an Tiarna?
Is mairg a ghaireann maith den olc, agus olc den mhaith, a dhéanann solas den dorchadas agus dorchadas den solas, a dhéanann milseacht den searbhas agus searbhas den mhilseacht!
Déan croí an phobail seo trom, déan a gcluasa bodhar, dall a gcuid súl, ar eagla go bhfeicfeadh a súile, go gcloisfeadh a gcluasa, go dtuigfeadh a gcroí, go n‑iompódh siad ar ais agus go ndéanfaí a leigheas.’ ”
chun go ‘mbreathnóidís go deimhin ach nach bhfeicfidís, agus go gcluinfidís go deimhin ach nach dtuigfidís, d'eagla go n‑iompóidís agus go maithfí dóibh.’ ”
Féach, tá lámh an Tiarna anois ort: beidh tú dall agus ní fheicfidh tú an ghrian go dtí an uair atá ceaptha aige.” Ar an mball tháinig scamall dorcha anuas air agus thosaigh sé ag dul timpeall ag lorg daoine a dhéanfadh giollaíocht air.
Thagaidís le chéile in aon bhuíon sa Teampall gach lá ach bhrisidís arán i dtithe a chéile agus chaithidís a gcuid le chéile le móráthas agus le sástacht chroí
chun a súile a oscailt le go n‑iompóidís ón dorchadas chun an tsolais agus ó chumhacht Shátain chun Dé, ar shlí go bhfaighidís maithiúnas óna bpeacaí agus ionad i measc an phobail naomhaithe, trína gcreideamh ionamsa.’ ”
Is é seo ár gcúis mhórála: fianaise ár gcoinsiasa go raibh ár n‑iompar de réir naofacht agus ionracas Dé os comhair an tsaoil, go háirithe inár gcaidreamh libhse; agus ní ar eagna dhaonna a bhíomar ag brath ach ar ghrásta Dé.
Ach faoi mar a mheall an nathair nimhe Éabha lena chuid glicis tráth, is é eagla atá orm go gclaonfar bhur smaointe agus go dtréigfidh sibh bhur nglandílseacht do Chríost.
is é sin ar lucht an díchreidimh a bhfuil an intinn dallta iontu ag dia an tsaoil seo ar eagla go lonródh an solas orthu, solas niamhrach dea-scéil Chríost, an té is macasamhail de Dhia féin.
Bím á iarraidh ar Dhia ár dTiarna Íosa Críost, ar Athair na Glóire, spiorad na heagna agus na géarchúise a thabhairt daoibh chun go gcuirfeadh sibh aithne air.
A dhaora, bígí umhal i ngach ní do bhur máistrí daonna. Ná bígí ag súilseirbhís ar nós lucht na lútála, ach ag obair le dea-chroí, le hurraim don Tiarna.