Ach dúirt sé: “Is mó is méanar dóibh seo a chluineann briathar Dé agus a choimeádann é.”
Alleluia. Is aoibhinn don fhear ar a mbíonn eagla an Tiarna; a thugann taitneamh dá aitheanta uile.
Amhrán Oilithreach. 1 Is aoibhinn do chách lenarb eagal an Tiarna, agus a shiúlann ina shlite.
An té a choimeádann na haitheanta, coimeádann sé é fein; an té ar beag leis an briathar, gheobhaidh sé bás.
“Anois, a chlann mhac, eistigí liomsa; is méanar don mhuintir a leanann de mo bhealaí.
D'fhreagair sé agus dúirt: “Is iad mo mháthair agus mo bhráithre, iad seo a chluineann briathar Dé agus a dhéanann dá réir.”
Má tá a fhíos agaibh na nithe sín, is méanar daoibh má dhéanann sibh iad.
Is méanar dó seo a léann os ard agus a éisteann le focail na fáistine seo agus a choimeádann a bhfuil scríofa inti; óir tá an uain in achomaireacht.
Is méanar dóibh siúd a níonn a n‑éidí, chun go mbeadh ceart acu chun crann na beatha, agus dul na geataí isteach don chathair.