Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 11:19

An Bíobla Naofa 1981

Ach más trí Bhéalzabúl a chaithimse na deamhain amach, cé tríd go gcaitheann bhur gclann féin amach iad? Uime sin, is iad sin a thabharfaidh breith oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Daorfar thú as do bhéal féin, agus ní as mo bhéalsa, Agus is iad do bheola féin a thabharfaidh fianaise i d'aghaidh.

Ba leor don deisceabal bheith ar aon dul lena mháistir, agus don sclábha bheith ar aon dul lena úinéir. Má thug siad Béalzabúl ar fhear an tí, nach móide dóibh é thabhairt ar lucht a theaghlaigh?

Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.

Dúirt sé leis: ‘Tabharfaidh mé breith do bhéil féin ort, a dhroch-sheirbhísigh! Bhí a fhios agat, an raibh, gur duine dian mé, ag glacadh chugam an rud nár chuir mé i dtaisce, agus ag baint an fhómhair nár chuir mé a shíol?

Labhair Eoin agus dúirt: “A Mháistir, chonaiceamar duine ag caitheamh deamhan amach i d'ainmse agus chuireamar cosc leis, óir ní leanann sé tú in aonbhuíon linne.”

Cuid de na Giúdaigh freisin a bhíodh ag gabháil timpeall ag díbirt na n‑ainspiorad, rinne siad iarracht ar ainm an Tiarna Íosa a rá mar bhriocht ar na daoine a raibh na spioraid mhallaithe iontu. “Cuirim oraibh,” a deiridís, “as ucht Íosa Críost a bhíonn á fhógairt ag Pól.”

Mar is eol dúinn, gach a ndeir an dlí is leo sin atá faoi réir an dlí a deir sé é, chun go gcuirfí gach béal ina thost agus go mbeadh an domhan go léir freagrach do Dhia.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí