Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 10:6

An Bíobla Naofa 1981

agus má bhíonn mac síochána ann, fanfaidh bhur síocháin aige; ach mura mbíonn fillfidh sí oraibh féin.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Nuair a bhíodarsan breoite chuir mé sacéadach orm; chiapas m'anam le troscadh. Bhínn ag guí ó mo chroí orthu mar a ghuífinn

Níl teorainn lena thiarnas ná críoch lena shíocháin ar chathaoir ríoga Dháiví agus ar a ríogacht, ag cur bun agus taca leo, sa cheart agus san fhíréantacht feasta go brách. - Díograis dhílis an Tiarna a chuirfidh sin i gcrích.

Cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, abraigí ar dtús: ‘Síocháin don teach seo,’

Fanaigí sa teach sin, ag ithe agus ag ól na nithe a bhíonn acu; óir is fiú an fear oibre a thuarastal. Ná bígí ag aistriú ó theach go teach.

Ná mealladh aon duine sibh le hargóintí baotha, mar sin iad na peacaí a tharraingíonn fearg Dé anuas ar lucht na míréire.

Tiarna na síochána é féin go dtuga sé síocháin daoibh gach uair agus gach slí. Go raibh an Tiarna libh go léir.

Síolann lucht déanta na síochána an síol a thabharfaidh fómhar na fíréantachta, go síochánta.

Dála leanaí géilliúla, ná téigí i gcosúlacht ainmhianta an aineolais ina raibh sibh cheana,

Déan do mhachnamh air sin anois agus féach cad is féidir leat a dhéanamh mar tá sé beartaithe drochíde a imirt ar ár maistir agus ar a theaghlach go léir, agus tá sé féin chomh ciotrúnta sin nach féidir d'aon duine focal a rá leis.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí