agus chuaigh sé anonn chuige agus chuir ceangal ar a chréachta, tar éis dó ola agus fíon a dhoirteadh iontu; chuir sé ar mhuin a bheithígh féin é, sheol go teach ósta é, agus rinne cúram de.
Agus lá arna mhárach, thóg sé amach dhá dhéanar agus thug don óstóir iad agus dúirt: ‘Déan cúram de, agus cibé méid a chaithfidh tú thairis sin, íocfaidh mé leat é ag filleadh dom.’
Ach “má bhíonn ocras ar do namhaid tabhairse rud le hithe dó, agus má bhíonn tart air tabhair dó rud le hól. Má dhéanann tú amhlaidh beidh tú ag carnadh aibhleoga tine ar a cheann”.
Féachaigí chuige nach ndéanfaidh aon duine agaibh an t‑olc in aghaidh an oilc. Cuirigí romhaibh an mhaith a dhéanamh i gcónaí dá chéile agus do chách eile.