Thug Íosa freagra air á rá: “Bhí fear ag dul síos ó Iarúsailéim go hIreachó, agus tharla i measc robálaithe é a rinne é lomadh agus é leadradh agus é a fhágáil ina ndiaidh leathmharbh.
Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - a ndéanfaidh mise breithiúnas ar a híola, agus beidh an créachtach ag cneadach ar fud a críoch.
Bíonn siad ag fiafraí dá máithreacha “Cá bhfuil an t‑arán (agus an fíon)?” agus iad ag titim mar dhaoine gonta i gcearnóga an bhaile, agus an t‑anam ag sceitheadh astu i mbaclainn a máithreacha.
Neartóidh mé géaga rí na Bablóine agus cuirfidh mé mo chlaíomh ina láimh; ach brisfidh mé géaga Fhorainn agus beidh gach aon chnead as i láthair a namhad amhail duine a goineadh go marfach.
Rug sé leis an dáréag i leataobh agus dúirt leo: “Seo anois sinn ag dul suas go Iarúsailéim, agus tiocfaidh na nithe uile chun críche atá scríofa ag na fáithe faoi Mhac an Duine.