Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 10:17

An Bíobla Naofa 1981

Tháinig an dó seachtód ar ais agus áthas orthu, ag rá: “A Thiarna, tá na deamhain féin faoinár smacht i d'ainmse.”

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.

“Agus leanfaidh na comharthaí seo an dream a chreideann: caithfidh siad deamhain amach i m'ainmse, labhróidh siad i dteangacha nua;

Ina dhiaidh sin cheap an Tiarna a dó seachtód eile agus chuir sé amach roimhe féin iad ina mbeirt agus ina mbeirt go dtí gach cathair agus gach áit a raibh sé féin le teacht ann.

Ach, ná bígí ag déanamh áthais faoi na spioraid a bheith faoi bhur smacht, ach déanaigí áthas faoi bhur n‑ainmneacha a bheith scríofa sna flaithis.”

agus leigheasaigí na daoine tinne a bhíonn inti, agus abraigí leis na daoine: ‘Tá ríocht Dé in achmaireacht daoibh.’

Ghlaoigh sé an dáréag le chéile agus thug dóibh cumhacht agus údarás os cionn na ndeamhan uile agus chun galair a leigheas.

Agus déanfaidh Dia na síochána Sátan a bhrú faoi bhur gcosa gan mhoill. Grásta ár dTiarna Íosa Críost go raibh agaibh.

Faoi mar atá an Eaglais faoi smacht Chríost, ar an dála céanná bíodh na mná faoi smacht a gcuid fear i ngach ní.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí